Cúlra & Structúr
Is gréasán traenála neamhbhrabúsach é “South West Gnó Skillnet” atá á mhaoiniú ag an gClár Náisiúnta Traenála Skillnets. Cuireann an gréasán roimhe bonn a chur faoi chothú agus fás na gcomhlachtaí atá ann cheana, agus faoi fhorbairt chomhlachtaí nua trí thionscnaimh thábhachtacha straitéiseacha a chur ar fáil sa traenáil agus sa ghréasánú.

Dlúth-ailíniú a bhaint amach le cuspóirí gnótha na mball-chomhlachtaí.
Traenáil agus forbairt ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil trasna an réigiúin ar fad.
Cumhacht caiteachais an ghréasáin agus an maoiniú a chuireann Skillnets ar fáil a úsáid chun traenáil a chur ar fáil ar bhonn an-éifeachtúil ar chostas.
Má tá a thuilleadh eolais uait faoin ngréasán, cuir ríomhphost chughainn ag katie@southwestgno.com

Grúpa Stiúrtha an Ghréasáin
Dhá chomhlacht déag as baill an ghréasáin..

Tá Coiste Stiúrtha an Ghréasáin ceaptha do réir dáileadh na gcomhlachtaí sna Gaeltachtaí éagsúla agus sna hearnálacha éagsúla. Is iad na fachtóirí is mó a tugadh san áireamh agus an coiste stiúrtha á cheapadh ná an toil a bheith páirteach, cumas am a chur ar fáil, agus leibhéal na páirtíochta sa traenáil go dtí seo (i gcásanna áirithe), chomh maith le fachtóirí geografacha agus earnálacha. Beidh ar bhaill an ghrúpa stiúrtha teangmháil a dhéanamh go minic leis na ball-chomhlachtaí ina réigiún nó ina n-earnáil féin.


Páidí O’Sé

Cathaoirleach & Network Promoter
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

Katie Kerin
Network Manager
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

Bríd Lucey
Network Co-ordinator
South West Gnó Skillnet

John A O’Leary
Steering group member
Alps Electric (Ireland) Ltd.

Oonagh McGregor
Steering Group Member
Killarney Chamber of Tourism & Commerce

Jason Higgins
Steering group member
The Killarney Park Hotel

Sarah Mannix
Steering group member
The Lake Hotel

Margaret Flannery
Steering group member
Murphys Ice Cream Ltd.

Milandi Basel
Steering group member
Hayfield Manor Family Collection

Sarah Sheehan
Steering group member
ENERCON Windfarm Services Ireland Ltd

 

Príomhaí an Ghréasáin
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo – www.cfcd.ie

Is comharchumann forbartha é CFCD atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, An Daingean, Co. Chiarraí. Tá an comharchumann ann le daichead bliain agus lena linn sin tá éirithe go hiontach leis i bhforbairt na Gaeltachta.

Is ionad oiliúna FETAC iad CFCD.

Baill an Ghréasáin
Forbrófar clár chun cothú a dhéanamh ar idirghabháil idir na baill agus ar a bpáirtíocht i ngíomhartha an ghréasáin; is é Bainisteoir an Ghréasáin a riarfaidh an clár sin, faoi mhaoirseacht an Ghrúpa Stiúrtha.

Is é Bainisteoir an Ghréasáin, le treoir agus maoirseacht ón nGrúpa Stiúrtha, a chomhordnóidh na gníomhartha a eascróidh as cláracha traenála, a fhostóidh comhairleoirí, a dhéanfaidh measúnú agus iniúchadh agus a láimhseálfaidh gnóthú na dteastas.

Share This