Dóibhsean atá ag lorg poist

Tabhair deis níos fearr duit féin post a fháil agus dein teagmhálacha le tionsclóirí tré oiliúint a chur ort féin le “South West Gnó Skillnet”.

Má tá tusa dífhostaithe agus má chomhlíonann tú na critéir (http://www.skillnets.ie/job-seekers/eligibility-criteria)  atá leagtha síos don té atá ag lorg poist is féidir leat freastal ar réimse mór cúrsaí saor in aisce agus ní bheidh impleachtaí ar bith aigesean dod íocaíochtaí ná dod shochair leasa shóisialaigh.  Tuilleadh eolais fé critéir incháilithe agus maoiniú.

Ní amháin go mbeidh tú ábalta ar theacht ar oiliúint a bhfuil baint dhíreach aici le riachtanaisí na tionsclaíochta, tré oiliúint a dhéanamh le “South West Gnó Skillnet”, ach beidh buntáiste breise ann duit.  Beidh tú i dteagmháil le fostaithe agus le comhlachtaí eile atá ag saothrú sa rannóg chéanna nó sa cheantar céanna leat féin.

Maoiniú

Baineann na rialacha seo a leanas leosan a bhfuil post á lorg acu:

  • Ni leagfar aon táille ar an oiliúint ná ar rannpháirtíocht inti, orthusan atá dífhostaithe.
  • Ní féidir le haon ghréasán, bhallchomhlacht nó áisínteacht eile, mar shampla FÁS nó Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla, liúntas i leith oiliúna a dhíol do rannpháitithe.
  • Ní féidir le heagrais a chuireann cliaint chuig FÁS nó Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla maoiniú a chur i dtreo gréasán ar bith eile.

Is cuid de scéim a aontaíodh leis an Roinn Cosanta Sóisialaí iad cláir oiliúna Skillnets.  Ní chuirfidh rannpháirtíocht sna cláir seo isteach ar na sochair ná ar a bhfuil an dífhostaí i dteideal a fháil ón Roinn Leasa Shóisialaigh, ach na gnáthrialacha leasa shóisialaigh a bheith i bhfeidhm.

Critéir Incháilithe dóibhsean a bhfuil post á lorg acu.

Tá tú i dteideal freastal ar chúrsa Skillnets;

  1. Má tá tú cláraithe leis an Roinn Cosanta Sóisialaí
  1. Má tá an Liúntas nó an Sochar dóibhsean a bhfuil post á lorg acu, á fháil agat.

Baineann na coinníollacha anseo thuas le daoine atá fostaithe go lánaimseartha, agus leosan atá ag obair go séasúrach/páirtaimseartha/a bhfuil breacfhosataíocht acu/a bhfuil a n-uaireanta oibre gearrtha siar.

Tá úinéirí ghnólachtaí beaga nó iarthrádálaithe aonair i dteideal freastal ar na cláir oiliúna seo ach an Roinn Cosanta Sóisialaí a bheith curtha ar an eolas go hoifigiúil fén ngnó a bheith ar ceal.

Tuilleadh mionsonraí ar na critéir incháilithe seo:

  • Tá faomhadh na Roinne Cosanta Sóisialaí fachta ag cláir oiliúna Skillnets.  Ní gá mar sin dóibhsean atá ag dul i mbun oiliúna cead freastail a fháil roimhré ón Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil.
  • Má tharlaíonn go gcaithfidh an rannpháirtí a bheith ag síniú ar lá oiliúna, fé féin atá sé fios a chur ar an Oifig Leasa Shóisialaigh agus malairt dáta a shocrú san oifig sara dtosnaíonn an oiliúint.
  • Ba chóir go mbeadh a fhios ag lucht oiliúna go bhféadfadh bainisteoirí eolas a lorg fé thaithí oibre, cúlra oibre, oideachas agus mianta oibre an té atá fé oiliúnt.  Tharlódh seo chun go gcinnteofaí go bhfuil siad ag freastal ar an gcúrsa cuí.
  • Ní mór do lucht oiliúna Próifíl an Rannpháirtí agus Foirm Mheasúnaithe a líonadh tar éis dóibh freastal ar an gclár oiliúna.
  • D’fhéadfadh Skillnets nó/agus gréasán eile a bheith i dteagmháil le lucht oiliúna tar éis dóibh freastal ar chlár oiliúna ar mhaithe le measúnú nó an dul chun cinn atá déanta ag fostaithe ó chuireadar an oilíuint i gcrích, a mheas.
  • Ní haon chritéar incháilithe don oiliúnt é an méid ama atá caite ag an duine ag obair.
  • Chomh maith leis na critéir seo thuas ní mór do lucht oiliúna dul i dteagmháil go díreach le South West Gnó Skillnet.  D’fhéadadh go mbeadh critéir roghnaithe breise ag gréasán dá leithéid.
  • Tá athbhreithniú á dhéanamh fé láthair ar na critéir seo.  Cuirfear na critéir seo in iúl ar an suíomh idirlín chomh luath agus a bheidh siad ar fáil.
Share This