Ballraíocht i “South West Gnó Skillnet”

  • An dteastaíonn uait níos mó teangmhálacha gnó a bheith agat?
  • An dteastaíonn uait go mbeadh teacht agat ar oiliúint a bhfuil deontaisí ar fáil di?
  • An dteastaíonn uait leas a bhaint as ár gCláracha Oiliúna?
  • Do you want to participate in Seminars, Gaeltacht Trade Fairs and Business Workshops?
  • An dteastaíonn uait páirt a ghlacadh i Seimineáir, Seóanna Trádála agus Ceardlanna Gnó?

Tá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. tar éis maoiniú a aimsiú chun gréasán oiliúna a chur ar bun, Skillnet Ghaeltachta, tiomnaithe go huile is go hiomlán do shainriachtanaisí do chomhlachta féin.

Ón uair go bhfuil oiread le 20% de chostas na hoiliúna ar fáil ag do chomhlacht féin, tá súil agam go gcláróidh tú leis an ngréasán oilínúna Gaeltachta seo.
Tabharfaidh an sórt seo forbartha deis dod chomhlacht leas a bhaint as oiliúint atá níos éifeachtaí ó thaobh costaisí de, atá dírithe ar shainriachtanaisí, atá níos solúbtha agus a bhfuil áisitheoireacht níos mó ar fáil di.

Is féidir le comhlacht ar bith a bhfuil suim aige in oiliúint foirne agus atá sásta comhoibriú le comhlachtaí eile sa cheantar agus atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta sa Mhumhain bheith ina bhall. An t-aon chritéar amháin atá uainn ná go mbeadh do chomhlacht toilteanach páirt ghníomhach a bheith aige sa bhforbairt nua seo agus a chuid eolais a roinnt ar bhealach cuí.

Dála na ngréasán eile dá leithéid tá táille ballraíochta againn: Táille €100

Chosnódh cúrsa oiliúna an duine leis an nGréasán thart ar an dtríú cuid den gcostas a bheadh ar chúrsa dá leithéid lasmuigh den nGréasán. Ciallaíonn sin ná beadh ach tréimhse an-ghairid ann go ndíolfadh an táille ballraíochta as féin. D’fhéadfadh go mbeadh sé díolta chomh luath is a bheadh an chéad chúrsa déanta, ag brath ar líon na ndaoine a bheadh ann agus ar an méid a shábhálfaí.

Share This