Tá cabhair deontais do 2016, ar fiú €254,540 é, fachta ag an ngréasán oiliúna South West Gnó Skillnet. Cuirfear an maoiniú seo a i dtreo réimse éagsúil cúrsaí oiliúna do chomhlachtaí ar mian leo cur le scileanna a lucht saothair nó forbairt foirne nó trasoiliúint. Beidh líon áirithe cúrsaí dírithe orthusan a bhfuil post á lorg acu. Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne a chuireann SWG Skillnet chun cinn.

176 ballchomhlacht a gcuireadh oiliúint ar fáil dóibh le linn 2015, cuireadh 100+ clár oiliúna ar bun, deineadh 4,163 lá oiliúna a chur ar fáil agus cuireadh oiliúint ar 700 oibrí, idir dhaoine atá ag ag obair agus dhaoine atá dífhostaithe. “Leanfaimid orainn cláracha oiliúna ar ardchaighdeán atá oiriúnach don dtionsclaíocht, a sholáthar. Beimid ag iarraidh freastal ar riachtanaisí na gcomhlachtaí i ngach aon réigiún agus rannóg” a deir Dónal Mac an tSíthigh, Bainisteoir SWG Skillnet.

Tugtar cuireadh do chomlachtaí agus do thrádálaithe aonair ar fud na nGaeltachtaí, chomh maith le comhlachtaí san iardheisceart, dul i dteagmháil le SWG Skillnet láithreach chun ballraíocht a bhaint amach sa ghréasán agus a gcuid riachtanaisí oiliúna a phlé. Cuid de chláracha oiliúna 2015 (ar iarr comhlachtaí iad nó lucht fiontraíochta iad) ab ea:

Bainistíocht Feidhmíochta, Feabhas i gCúram Custaiméirí, Bainistíocht Tionscadail, Cláracha Ceannaireachta, Dlí Fostaíochta – Nuashonrú, Fóram Acmhainní Daonna, Bainistíocht Pearsanra – Teastas ó FETAC, ECDL, Uirlisí um Dhéantúsaíocht Bharainneach, Forbairt Bainisteoireachta, Bainistíocht Ama, Bainistíocht Mhaoirseachta, Stiúideó Físeach Microsoft, Ardscileanna Cumarsáide agus go leor eile.

Na baillchomhlachtaí chomh maith le Clár Oiliúna na nGréasán a mhaoiníonn SWG Skillnet. Tionscnamh de chuid Skillnets Teo. is ea an Gréasán agus an Ciste Maoinithe Náisiúnta de chuid na Roinne Oideachais is Scileanna a mhaoiníonn Skillnets Teo.

Má tú tuilleadh eolais uait ar mhaoiniú nó ar chúrsaí oiliúna téigh i dteagmháil le Dónal (Bainisteoir Gréasáin) ag 087 697 5008

Share This